Ba é mo dhochtúir féin a chuir chuige mé. “Tá galar ort,” a deir sé an lá seo, “nach bhfuil aon ainm air. Tá an Dochtúir Áthas an-sciliúil ina leithéid,” ar seisean. “Tá mé chun tú a chur chuige. Is síocanailíseoir é.” Is mar sin a thosaíonn an scéal seo; más scéal é. An chéad úrscéal le Liam Mac Cóil, agus an chéad leabhar Gaeilge a cuireadh ar ghearrliosta Dhuaiseanna Liteartha an Irish Times.
AN DARA LEABHAR SA tSRAITH 'LUCÁS Ó BRIAIN' (An Litir). In Éirinn, Earrach na bliana 1612, tugtar litir thábhachtach do Lúcás Ó Briain le breith faoi rún chun na Róimhe agus le leagan i láimh Aodha Mhóir Uí Néill, Iarla Thír Eoghain. Tá Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh ag iarraidh airm ar Rí na Spáinne le filleadh ar Éirinn agus le cumhacht Shasana sa tír a bhriseadh. Cuireann Lúcás chun farraige agus feallmharfóir rua an namhad, an Sionnach tiomanta díocasach, ar a thóir.
“Chonaiceadar óglach caolriabhach isteach chucu, leath a chlaímh taobh thiar dá thóin, an t-uisce ag plobarnaíl ina bhróga, barra a dhá chluas amach trína sheanbhrat....” Leis sin cuirtear tús le hathinsint ar scéal a chum scríbhneoir anaithnid 500 bliain ó shin ina ndeantar cur síos greannúr ar na himeachtaí a chuireann idir thaoisigh, ghallóglaigh, chláirseoirí, agus chrochadóirí na tíre as a gcranna cumhachta. Scríbhneoir anaithnid a scríobh 'An Ceithearnach Caoilriabhach' thart faoin mbliain 1500. Sa leagan nua seo den seanscéal — le peann, le scuab, agus le gártha graosta — déantar ceiliúradh ar chamchuairt ghrinn a thosaigh 500 bliain ó shin agus a bhfuil an oiread gean ag Gaeil uirthi ó shin. Athinsint bhreá ar an seanscéal, agus an mhaisíocht ag cur go mór le greann an scéil. A modern Irish version of an old story, which succeeds in maintaining the vigour, poetry, humour and bawdiness of the original. The illustrations, by the author, underline the humour. The story will appeal to both young and old with a sufficient knowledge of Irish. —Booksunlimited "Leabhar grá grafach." —Foinse
Is athinsint bhríomhar bheoga atá in Conaire Mór ar an eipic Sean-Ghaeilge Togail Bruidne Da Derga — scéal a thosaíonn le rí á ghairmeadh de Chonaire agus a chríochnaíonn lena mharú brúidiúil ar bhruach na Dothra. Na hiontaisí ar fad atá i dtraidisiún na seanscéalta, tá siad ar fáil go flúirseach in imeachtaí an scéil, idir mhacghníomhartha Chonaire agus a theacht i réim, na blianta a raibh Éirinn faoi bhláth lena linn, agus an tuar báis nárbh fhéidir a shéanadh. Seo scéal nár insíodh i nGaeilge le beagnach míle bliain, ach tá Conaire Mór i réim anois arís ar deireadh. Is é an file Diarmuid Johnson a rinne an t-athscríobh ar an mbuntéacs.
Ar ghearrliosta an IRISH BOOK AWARDS
Ceann de na heipicí is mó agus is fearr a scríobhadh riamh, agus é anois ar fáil sa Nua-Ghaeilge. Seo é scéal Chú Chulainn, agus mar a sheas sé an fód, lena charbadóir Lao, in aghaidh mhórshluaite Ailealla is Mhéibhe. Is ann a déantar cur síos ar a óige, ar an gcaoi a fuair sé a ainm, ar a chomhrac le Feardia, agus ar an iomaíócht idir Ailill is Méabh faoi tharbh na nUltach, an Donn Cuailnge. Is san 11ú hAois a scríobhadh Táin Bó Cuailnge, agus is é Darach Ó Scolaí a chuir i Nua-Ghaeilge.
Gradam IRISH BOOK AWARDS
Scéal flaithiúnais, scéal dúchais, scéal ársa agus scéal nua - sin é atá i scéal na n-eachtraí sin faoi mar atá inseacht agus aithris orthu sa leabhar beag eipiciúil seo. Cé mar a baineadh an ghéag de Nuadha, cérbh é Lúgh Lámhfhada, cén tairngreacht do Bhalar na Súile Nimhe, agus cén bhandáil a bhí ag an Daghda cois Éirne? Is as na seanleabhra léinn a bhain an t-údar freagraí na gceisteanna seo, ach ceisteanna go leor nach iad faoi ghnéithe den réamhstair ata faoi bhrat ceo leis na céadta bliain. Teacht agus imeacht na dTuatha Dé Danann, sin é is ábhar agus is téama dó. Sin agus an chéad lá ar leag clanna Gael cois ar chladaí Inse Fódla.